A Shíle bhán na bpéarlai a chéad-shearc nár fhulaing gruaim D’fhág tu m’intinn buartha, id’dhiaidsha ní bheidh mé buan Muna dtige tú do m’féachaint, ‘s éalú liom fá ghleannta cuain Beith cumha is tuirse id’dhiadh orm, is beidh mo chroí chomh dubh le gual Tugtar chuighainn na fíonta agus liontar dhúinn an ghloine is fearr Muna bhfaghad fhéin cead sínte le minchnis as bhrollaigh bháin. A phlúr is gile is is mine ná an síoda is ná clúmhach na n-éan, Is buartha tuirseach ‘bhimse nuair a smaoinim ‘bheith ‘searúint léi. Dhá mbeinnse fhéin is mínchnis caoinmhéar an bhrollaigh bhreá I ngleanntán aoibhinn aerach ó thitim oíche go n-éireodh lá Gan neach ‘bheith ‘n ár geoimhdeact ach cearca fraoigh nó an coileach feá ‘S go mbeadh greanna gan cham im’ chroí istigh do Shíle Ní Chonnalláin Z manuskryptów Buntinga |