Siúd í an féirín dea-mhná is áille Ó Chonair Uí Raghallaigh go Sléibhte Uí Mháille An rí-bhean óg is milse póg Ar Iníon Uí Mhórdha a thráchtaim Gaol na mbrí-bhfear láidir Is fada go leagfadh sí cíos ar cairde Planda an tséin is na réidh-bhfolt daite Is tú atáim a rá anois Nárbh aoibhinn don té a bheadh á caidreamh Gé ag na gcuachfolt fáinneach Siúr a rithe aníos ó Theamhair ‘Shiolraig ó Chonall Chearnach Molam tú féin an réim seao a ghlacadh Aon-mhic thapaidh Mhánais Seabhac na hÉirne is Bhéal Átha Seanaidh Is mian croí gach óg-mhná ‘Sé an sneachta bhí i lár do chléibh a chlóigh mé A chiúin-bhean bhéasach a réab na mílte Croí gan chruas tá lán den trua Agus líonta suas de chaoin-mhaith A ghile gan ghruam gan mhístaid A mhilis-bhean uasal chaoimhiúil Rachad insan uaigh mar ba dual do m’aicme Mara dtige tú seal go dtí mé Tá a coim gléigeal mar an eala Ag éirí insan snámh ‘S a folt craobh-glasa ag fás go talamh ‘S a mbarr ag casadh i bhfáinní Thug sí barr scéimhe ar mhná na cruinne Ó Venus is ó Dheirdre ‘S’e shílim féin gurb í réalt na maidine í, ‘S go mbíonn gach duine i ngrá léi. |